![]() |
![]() |
||||||
This is a free Spanglefish 1 website. | ||||||
Gàidhlig - GaeilgeAmhrán do Raghnall Mac Nèill (leagan Gaeilge, 4 mí Meithimh 2014)
Lá ceathach míchuí Mé leisciúil im luí Is ea tháinig mo thaobh dea-chara
A rinne croíúil mo shaol Le féiríní róchaomh’ A bheadh luachmhar sa tír mar tharraingt
Mála bonn atá breá A bualadh thar sáil’ In Éirinn aos-dána na rannaibh
Iad dealraitheach líont’ Le dathanna liath Is ceardaíocht iontach bheadh annamh
Go n-insim cén ló Ó bhí na boinn seo sa bhfód Orthu scríofa i gcló mar ealaín
Cuid aosta ‘s cuid óg Cuid níos luachmhair’ ná an t-ór ‘S cuid ba bhreá liom lem ló bheith agam
Ceann tá seachtó ‘s a dhó Má dhéantar cuntas ‘nár ló Agus buailte i gcló atá tarbh
‘S ceann tá bliain níos aost’ Ná mé féin ar an tsaol Rud nach insim a choíche d’aon anam!
Ach lá ceathach míchuí Mé leisciúil im luí ‘S maith gur tháinig mo thaobh... mo chara. | ![]() ![]() |
|||||
![]() |