SpanglefishNiall Gordan, Poet | sitemap | log in
This is a free Spanglefish 1 website.

Gàidhlig - Gaeilge

Amhrán do Raghnall Mac Nèill (leagan Gaeilge, 4 mí Meithimh 2014)

 

Lá ceathach míchuí

Mé leisciúil im luí

Is ea tháinig mo thaobh dea-chara

 

A rinne croíúil mo shaol

Le féiríní róchaomh’

A bheadh luachmhar sa tír mar tharraingt

 

Mála bonn atá breá

A bualadh thar sáil’

In Éirinn aos-dána na rannaibh

 

Iad dealraitheach líont’

Le dathanna liath

Is ceardaíocht iontach bheadh annamh

 

Go n-insim cén ló

Ó bhí na boinn seo sa bhfód

Orthu scríofa i gcló mar ealaín

 

Cuid aosta ‘s cuid óg

Cuid níos luachmhair’ ná an t-ór

‘S cuid ba bhreá liom lem ló bheith agam

 

Ceann tá seachtó ‘s a dhó

Má dhéantar cuntas ‘nár ló

Agus buailte i gcló atá tarbh

 

‘S ceann tá bliain níos aost’

Ná mé féin ar an tsaol

Rud nach insim a choíche d’aon anam!

 

Ach lá ceathach míchuí

Mé leisciúil im luí

‘S maith gur tháinig mo thaobh... mo chara.

Click for MapSSPC - Property in Scotland
sitemap | cookie policy | privacy policy